Tomhas na Teanga Eanáir 2013

Mar is eol do chách, bhí stoirm mhór againn in oirthuaisceart na tíre, san fhómhar. As everybody knows, we had a big storm in the northeast, in the fall.  Tháinig hairicín agus stoirm eile le chéile. A hurricane and another storm came together.  Agus tharla sin nuair a bhí lán mara ann agus gealach lán leis. And that happened when it was high tide and also a full moon. Mar sin, bhí na tonnta ag teacht i dtír, agus bhí tuilte uafásacha ann.  So the waves were coming ashore, and there were terrible floods.  Agus murab é sin olc go leor, cúpla lá ina dhiaidh sin thit sneachta trom.  And if that wasn’t bad enough, a few days later a heavy snow fell.  Is iomaí crann a thit mar gheall ar an drochaimsir go léir seo.  It’s many the tree that fell on account of all this bad weather.  Agus thit roinnt daoibh ar dhaoine, dá marú. And some of them fell on people, killing them.  Bádh daoine eile, agus tharla timpistí le gineadóirí agus timpistíbóthair agus mar sin de. Other people were drowned, and accidents happened with generators and there were traffic accidents and so on.

Chaill daoine a lán dá gcuid, agus rinneadh mórán damáiste. People lost a lot of property, and a lot of damage was done.  Buíochas le Dia, ní raibh cúrsaí chomh dona sin againne. Thank God, things weren’t so bad for us. Bhíomar gan leictreachas ar feadh dhá lá déag (ach amháin dhá uair an chloig sular thit an sneachta…saghas céasta ab ea é an leictreachas a chailliúint ar athuair mar sin!).  We were without electricity for 12 days (except for 2 hours before the snow fell…it was a kind of torture to lose electricity a second time like that!)  Agus leis sin, ní raibh teocht ná uisce te ná fón (ach fóin phóca) againn ach oiread.  And along with that, we had no heat or hot water or phone (except cell phones) either.

Tá umar iasc teochreasa againn.  We have a tropical fish tank.  Rinneamar ár seacht ndícheall iad a choimeád te go leor, agus a gcuid uisce glan, agus ocsaigin a chuir isteach san uisce dóibh.  We did our very best to keep them warm enough, and their water clean, and to put oxygen into the water for them.  Ach theip orainn iad go léir a choimeád beo.  But we couldn’t keep them all alive.  Cailleadh breis isleath díobh, de réir a chéile.  We lost more than half of them, a few at a time.  Ba bhocht an scéal é.  It was a badbusiness.  Cailleadh cúpla acu tamaill maith ina dhiaidh freisin, mar bhí an strus ró-mhór dóibh.  A few of them died a good while afterwards, too, because the stress was too much for them.  Ach ba bheag an rud seo, i gcodarsnacht leis na rudaí níos measa a tharla do dhaoine eile.  But this was a little thing, in comparison with the worse things that happened to other people.

Maraon leis na rudaí olca a tharla, bhí an t-ádh ag a lán daoine eile.  Together with the bad things that happened, other people were lucky.  Nó bhí aingil dá gcosaint.  Or angels were protecting them.  Mar shampla, thit crann rí-mhór a bhíodh ina sheasamh taobh le teach mo dheirféar céile.  For example, a really big tree fell, which used to stand next to my sister in law’s house.  Bhí baill dá teaghlach amuigh ag féachaint air tamaill beag sular thit sé, agus bhí siad ábalta éalú uaidh nuair a thit.  Members of here household were outside looking at it a little while before it fell.  Thit sé go díreach idir an teach agus an garáiste.  It fell exactly between the house and the garage. Scrios sé crann beag eile agus crann luascán, ach b’fhéidir leis an gcrann sin mórán damáiste a dhéanamh nach ndearna, agus táimid buíoch do Dhia faoi sin, cinnte.  It destroyed another small tree and a swing set, but that tree could have done a lot of damage that it didn’t do, and we thank God for that, for sure.

Gach lá, nuair a bhíomar gan leictreachas, bhímis ag fanacht leis na leoraithe a thiocfadh chun sinne a shábháil.  Every day, when we were without electricity, we would be waiting for the trucks that would come to save us.  Agus ag fanacht.  And waiting.  Is iomaí rabhadh bréige a bhí ann. There were a lot of false alarms.  Tháinig siad i ndeireadh na dála, is dheisigh siad na sreangacha srl.  They finally came, and they fixed the wires, etc.  Ansin, thit an sneachta, agus bhíomar ar bun an liosta arís.  Then, the snow fell, and we were at the bottom of the list again. Cúpla lá eile, agus faoi dheireadh, bhíomar slán compordach teolaí – agus glan – arís.  A few more days, and finally, we were safe, comfortable, warm – and clean – again.

Dóbair go raibh sé normálta againn, inár suí sa dorchadas san oíche, gan teilifís, gan ríomhaire.  It almost became normal for us, sitting in the darkness at night, with no television, no computer.  D’éisteamar leis an raidió.  We listened to the radio.  D’imríomar cluiche.  We played a game. Rinneamar caint lena chéile.  We talked to each other. Agus chuamar a chodladh go luath.  And we went to bed early.  Tagtar i dtaithí ar chúinsí ar bith, ar ball.  You get used to anything, eventually.  Ach táimid lán sásta ár saol mar a bhíodh a fháil ar ais, geallaim duit!  But we’re very happy to get back the life we used to have, I promise you!Tá léirthuiscint nua againn dá bhfuil againn anois, gan amhras.  We have a new appreciation for all we have now, without a doubt.

Rinne mórán daoine obair iontach ag cabhrú lena gcomharsana, agus cé nach rabhamar sásta go raibh an méid sin ama de dhíth, níl aon dabht ach go raibh na leictreoirí agus na hoibreoirí eile ag obair go dian chun gach rud a chur ina cheart.  A lot of people did wonderful work helping their neighbors, and although we weren’t happy with the amount of time needed, there’s no doubt that the electricians and the other workers worked very hard to make everything right again.  Bhí na póilíní agus na fir dóiteáin thar barr, freisin.  The police and fireman were terrific, too.  Go raibh maith agaibh uile, má tá sibh ag léamh!  Thanks to all, if you are reading!

 

Tomhas na Teanga

Tá umar iasc teochreasa againn.  We have a tropical fish tank. Bhí ceann beag againn ar feadh i bhfad, agus ansin fuaireamar ceann mór.  We had a small one for a long time, and then we got a big one. Tá cúpla dosaen iasc ann, idir bheag agus mhór. We have a couple of dozen fish, both small and large. Bainim an-taitneamh astu.  I get a lot of pleasure from them. Cuireann sé suaimhneas orm nuair a chaithim tamaill ag féachaint orthu.  It makes me feel peaceful when I spend a little time watching them. Deirtear gur íslíonn sin brú fola an duine, agus creidim é. They say that it lowers a person’s blood pressure, and I believe it. Níl peata ar bith eile againn ach na héisc, mar tá ailléirge ar mo bhean le madraí agus nílimid an-tógtha le cait.  We don’t have any other pets other than the fish, because my wife is allergic to dogs and we’re not too fond of cats. Ach tá cairde is gaolta againn agus gach saghas peata acusan.  But we have friends and relatives who have all kinds of pet.

Tá mórán cat ag mo chara Éamonn. My friend Ed has a lot of cats. Tá siad mar bhaill dá theaghlach aige.  They’re like members of the family to him. Taispeánann sé grianghraif díobh dom ó am go chéile, agus bíonn a lán acu greannmhar. He shows me pictures of them once in a while, and a lot of them are funny. (Cuirim i gcéill beagán gur maith liom cait dó, tuigeann tú). (I pretend a little that I like cats for him, you understand). Bhí ceann acu an-tinn tamall ó shin, agus cé go raibh an iomarca airgid i gceist, rinne sé pé rud ab fhéidir leis chun a chat a shábháil. One of them was very sick a while back, and although it cost a lot of money, he did whatever he had to, to save the cat. Ní miste leis go bhfuil droch-shláinte air, chomh fada agus atá sé fós ann leis.  He doesn’t mind that it’s not healthy, so long as it’s still there with him. Is breá linn ár n-éisc, ach tuigim (mar bhíodh madraí agam le linn m’óige) go mbíonn grá i bhfad níos mó ann do chat nó mhadra.  We love our fish, but I understand (as I used to have dogs when I was young) that cats and dogs are loved a lot more.

Nuair a chailltear peata, bíonn sé an-deacair agus an-bhrónach.  When a pet dies, it’s very difficult and very sad. Chaill mo chara madra tamall ó shin, agus bhí sé croíbhriste ar feadh tamaill.  My friend lost a dog a while ago, and he was heartbroken for a while. Ach bhain sé an-taitneamh as an madra sin le blianta fada.  He really enjoyed that dog for years. Bhí sí ann mar chara dó, agus bhí a lán spraoi acu le chéile.  She was a friend to him, and they had a lot of fun together. Tá madraí eile aige. He has other dogs. Beidh na cuimhní cinn sin aige go deo, agus tabharfaidh beocht na madraí eile misneach dó.  He’ll always have those memories, and the liveliness of the other dogs will give him courage. Beidh leigheas ar a chuid péine ar ball.  His pain will eventually heal.

Fuair col ceathar mo mhná coinín roinnt blianta ó shin.  Bhuel, fuair a hiníon é, le fírinne, ach sul i bhfad bhí sí féin i mbun cúram an choinín.  Ar dtús, ní raibh suim ar bith aici in a leithéid de pheata.  Ach tá an coinín greannmhar agus lán de phearsantacht, agus ar ball d’éirigh an-chairdeas eatarthu.  Níl a fhios ag éinne cén saghas caidrimh a bheadh ann le peata, ach go hiondúil, bíonn siad go hiontach mar chomhpháirtithe.

Tá col ceathar agamsa atá ina chónaí ina aonar in Florida. I have a cousin who lives alone in Florida. Tá a mháthair sa chomharsanacht.  His mother lives in the neighborhood.  Tá sí ina nóchaidí.  She’s in her nineties. Is é rud a thugann an sásamh is mó don bheirt acu ná cúram a thabhairt do ainimhithe. The thing that the two of them most enjoy is to care for animals. Níl a fhios agam cé mhéid cat agus madra atá acu, ach tógann siad ainmhithe gan bhailte isteach.  I don’t know how many cats and dogs they have, but the take in homeless animals. Cé nach mbíonn a sláinte féin go maith i gcónaí, díríonn siad ar shláinte na n-ainmhithe seo agus déanann siad cinnte go mbíonn siad go maith, agus cothaíonn siad iad.  Even though their own health isn’t always good, they focus on the health of these animals and make sure they are OK, and feed them. Faigheann siad cabhair ó chairde uaireanta, ach caithfidh siad féin bheith ann dóibh. They sometimes get help from friends, but they have to be there for them themselves. Mar chúiteamh ar an méid a dhéanann siad dóibh, bíonn comhluadar acu i gcónaí, agus rud tábhachtach le déanamh. In return for all they do for them, they always have companionship, and something important to do.

Má bhí peata agat riamh, is cuimhin leat go deo an spraoi agus an taitneamh a bhain tú as. If you’ve ever had a pet, you’ll remember for ever the fun and enjoyment you got from it. Bíonn scéalta agat i gcónaí (atá greannmhar, minic go leor).  You always have stories (which are funny, lot s of times). Má tá peata áirithe agat, tá rud i gcoitinne agat le mórán daoine eile, ábhar comhrá, agus cúis caidrimh le daoine eile a bheith agat. If you have a particular pet, you have something in common with a lot of other people, a subject of conversation, and a reason to associate with others. Déanann na hainmhithe a maith dúinn go léir. Animals do us all good. Bímis buíoch díobh. Let’s be grateful to them.