Tomhas na Teanga

Cé gurb amhlaidh go mbíonn an dúlra ina namhaid dúinn uaireanta, mar a bhí leis na stoirmeacha uafásacha a tharla i mbliana, níos minice is cara, fiú máthair dúinn é.  Even though sometimes nature is our enemy, as it was with the terrible storms that happened this year, more often it is a friend, even a mother to us.  Agus go háirithe san earrach agus sa samhradh, bíonn deis againn taitneamh a bhaint as.  And especially in the spring and summer, we have a chance to enjoy it.  Stadaimis agus bolaímis na bláthanna, mar sin!  So let’s stop and smell the flowers!

Is caitheamh aimsire breá an gharraíodóireacht, agus táim cinnte go bhfuil garraithe thar barr ag a lán ball dár n-ord seo.  Gardening is a great hobby, and I’m certain that a lot of our order’s members have great gardens.  Níl an ceann atá againne chomh galánta.  The one we have isn’t so fine.  Tá plandaí éagsúla ann, an iomarca luifearnach ina measc…  There are various plants, too many weeds amongst them…  Ach táthar ag súil go bhfaighimid glasraí dár gcuid féin as.  It is hoped that we will get our own vegetables from it.  Agus dar ndóigh, tá bláthanna ann, freisin.  And of course, there are flowers, too.

Mura bhfuil spás nó am go leor agat chun do gharraí féin a chur is freastal air, is iomaí garraí pobail atá ann.  If you don’t have space or time to plant and attend to your own garden, there are lots of community ones.  Tá ceann ag mo pharóiste.  My parish has one.  Tugann scaifte daoine ón gcomharsanacht aire dó.  A group of people from the neighborhood tend it.  Ar mo shlí ón traein go dtí m’oifig i mBrooklyn, siúlaim thar cheann eile, ar leis an gcomharsanacht é.  On the way from the train to my office…I walk past another one, which belongs to the neighborhood.  Níl na cinn seo an-mhór, ach tá siad go deas agus cé nach n-ithim na glasraí, bainim taitneamh as na bláthanna agus an boladh deas atá orthu (agus ar na luibheanna, freisin).  These aren’t very big, but they’re nice and although I don’t eat the veggies, I enjoy the flowers and their nice smell (and that of the herbs, too).

Tá garraithe móra poiblí ann, freisin – crannlanna ina measc.  There are also big public gardens – including arboretums.  Bhí an aimsir go dian ar na crainn i mbliana, agus cailleadh roinnt mhór díobh, faraor, ach fós féin, mhair an chuid is mó díobh, agus is breá an rud é am a mheilt i measc na gcrann galánta éagsúil.  The weather was hard on the trees this year, and a lot of them were lost, alas, but just the same, most of them lived, and it a fine thing to while away the time in the midst of various noble trees.  Ar na sean eastáit ar Inis Fada i Nua-Eabhrac, cuireadh crannlanna agus gairdíní breátha, agus tá roinnt mhór díobh seo ina bpáirceanna poiblí anois.  On the old estates on Long Island in NY, arboretums and fine gardens were planted, and a lot of them are public parks now.

San earrach, thug mé cuairt ar ghairdíní Hershey in PA.  In the spring, I visited Hershey Gardens…  Bhí na tiúilipí faoi bhláth ag an am, agus b’iontach an radharc iad.  The tulips were in bloom, and they were a wonderful sight.  Tá na garraithe seo ar bharr cnoic, agus is féidir Hershey Park a fheiscint uathu.  These gardens are on the top of a hill, and you can see…from them.  Crannlann atá ann chomh maith, agus tá fiú crónghiúisí acu.  There’s an arboretum too, and they even have redwoods.  Tá cróghiúis na caomhaire againn sa bhaile.  We have a dawn redwood at home.  Tá a lán acu seo sa Bhablóin, ar Inis Fada, mar atá.  There are a lot of these in Bablyon, on Long Island, as it happens.  Ach tá na cinn ón gcósta thiar – Sequoiadendron gigantea – acu in Hershey.  But they have the ones from the west coast…  Níl siad chomh mór leis na cinn in California, ach tá siad mór go leor.  They’re not as big as the ones in CA, but they’re big enough.

Tá Garraithe na Lus (na luibheolaíochta) mór le rá againn sa Bhroncs (agus in áiteanna eile), i Nua-Eabhrac.  We have big Botanical Gardens in the Bronx (and in other places), in NY.  Agus tá a leithéid ann ar fud na tíre, más níos lú an chuid is mó díobh.  And there are similar ones all over the country, even if they are usually smaller.  In Éirinn, tá Garraithe Náisiúnta na Lus ann i nGlas Naíon, sráidbhaile ó thuaidh ó Bhaile Átha Cliath.  In Ireland, the National Botanical Gardens are in Glasnevin, a town north of Dublin. Tá an méid seo leanas (agus níos mó) fúthu le fáil ar an suíomh idirlín www.heritageireland.ie/ga: The following (and more) can be found on the website…:  “Bunaíodh Garraithe Náisiúnta na Lus sa bhliain 1795.”  The NBG were founded in… “Tá clú agus cáil orthu as na tiomsacháin bhreátha de phlandaí ina bhfuil breis is 17,000 de speicis agus de chineálacha plandaí as áiteanna ar fud fad na cruinne.”  They are famous for their fine collection of plants, which includes more than [15,000 sa leagan Béarla atá acu – tá sé difriúil ar fad!] species and kinds of plants from places all over the world.  “Tá cáil orthu de bharr na ngairdíní áille tírdhreachtaithe agus na dtithe gloine, go háirithe Raon Cuarlíneach Turner agus Teach na Pailme Móire, atá athchóirithe go fíor-ornáideach agus plandaí curtha iontu.”  They’re famous for the beautiful landscaped gardens and greenhouses, especially the Turner Curvilinear Range and the Great Palm House, which have been restored very ornately with plants planted in them.

Agus is iomaí gairdín eile atá ann i mBaile Átha Cliath agus ar fud Éireann agus ar fud Meiriceá.  And there are many other gardens in Dublin and all over Ireland and all over America.  Tabhair cuairt ar cheann nó dhó sa samhradh seo!  Visit one or two this summer!