Tomhas na Teanga

Bíonn rotha mór an tsaoil ag dul timpeall. The wheel of the world keeps going ‘round. Bíonn an saol ag athrú, sin a rá. The world is always changing, that is. Agus ní athraíonn aon rud chomh tapúil agus a athraíonn an teicneolaíocht. And nothing changes as quickly as technology. Nuair a bhí m’athair óg, d’fheictí capaill agus cairteacha go coitianta gCathair Nua-Eabhrac fós.  When my father was young, it was still common to see horses and carts in NYC. Bhíodh tralaithe agus gal-traenacha  ann. There used to be trolleys and steam trains. In Éirinn, fiu le linn m’óige féin, ní raibh leictreachas ar fáil faoin tuath.  In Ireland, even in my own youth, there was no electricity to be had in the countryside. Is deacair a chreidiúint nach mbíodh teilifíseán ag an uile dhuine, ach ní bhíodh.  It’s hard to believe that everybody didn’t have a TV, but they didn’t. Ná ríomhaire, ná fón póca! Or a computer or a cell phone! Conas a b’fhéidir le daoine maireachtáil mar sin?! How could people live like that?!

Bíonn an t-athrú deacair mar rud, minic go leor.  Change is hard, very often. Sin ráite, is iomaí rud maith a thagann as.  That said, lots of good things come of it. Is beag rud sa saol seo atá buan, agus ní mór dúinn go léir dul i ngleic leis an saol mar atá, agus mar a bheidh – an teicneolaíocht san áireamh.  Very little in this world is permanent, and we have to come to grips with the world as it is, and as it will be –technology included. Tá daoine ann, fós féin, a dhiúltaíonn an teicneolaíocht nua. There are people, nevertheless, who reject the new technology. Tá aithne agam ar dhaoine gan teilifíseán, agus tá siad sásta lena saol.  I know people with no TV, and they’re happy with their lives. Bíonn roghanna againn mar sin – ach bíonn níos mó roghanna ann i gcónaí!  So we always have choices – but there are always more choices!

Éiríonn an saol níos casta agus níos éasca ag an am céanna, ar dhóigheanna áirithe. Life gets more complicated and easier at the same time, in certain ways. Cuir i gcás an ríomhaire.  Take computers. Tá an iliomad rud níos éasca sa lá atá inniu ann mar gheall ar an ríomhaire – taighde a dhéanamh, litreacha a sheoladh, ticéid nó rud ar bith a cheannach, srl. Many things are easier today because of computers – doing research, sending letters, buying tickets or anything at all, etc. Ach ní mór do dhuine foghlaim conas ríomhaire a úsáid.  But a person has to learn how to use a computer. Agus ceann a roghnú, roimhe sin.  And how to pick one, before that. Agus bíonn an bogearraí ag athrú i gcónaí.  And the software is always changing. Agus, Dia dár sábháil, má tá fadhb agat le do ríomhaire, is féidir mórán ama a chaitheamh amú ar thóir a réitigh. And, God save us, if you have a problem with your computer, you can waste a lot of time looking for its resolution. Rud a shábhálann am dúinn de ghnáth, is féidir leis am a ghoid uainn níos mó ná aon rud eile, idir fadhbanna agus cluichí nó súgradh ar an idirlíon srl.  Something that usually saves us time, it can steal time from us more than anything else, between problems and games or playing on the internet. Paradacsa is ea é.  It’s a paradox.

Minic go leor, nuair a thagann rud nua ar an saol, imíonn rud eile. Lots of times, when a new thing comes along, something else goes away. De réir a chéile a tharlaíonn seo, den chuid is mó. This happens gradually, mostly. Nuair a thánaig na Diesel chun tosaigh ar na hiarnróid, níor cailleadh gach gal-inneall traenach ar an lá céanna.  When Diesels took over on the railroads, every steam engine wasn’t lost on the same day. Ach d’imigh siad, agus d’imigh ní ba thapúla céim ar chéim.  But they went away, and did so more quickly step by step. Is breá le daoine mar mise iad, agus sábháladh roinnt díobh, ach ní úsáidtear iad ar chor ar bith chun fíor-ghnó a dhéanamh níos mó.  People like me love them, and some of them were saved, but they’re never used any more for real business. Is breá liom na traenacha nua, agus tá siad níos fearr, gan dabht.  I love the new trains, and they’re better, no doubt. Níos saoire, níos cumhachtaí, srl.  Cheaper, more powerful, etc. Ach tá grá agam do na sean-chinn freisin. But I love the old ones, too.

Tá clóscríobhán leictreach agam sa bhaile. I have an electric typewriter at home. Nuair a fuair mé é, bhí sé sean, ach i bhfad ní b’fhearr ná na sean-chlóscríobháin a bhíodh agam.  When I got it, it was old, but much better than the old typewriters I used to have. An cuimhin leat na ribíní agus an white out? Do you remember the ribbons and…? An bhfuil a fhios agat cá bhfuaireamar an giorrúchán ‘cc?’  Do you know where we got the abbreviation ‘cc?’ Is cuimhin liomsa.  I remember. Nuair a bhí mo pháistí óg, bhain siad sult as an gclóscríobhán leictreach mar rud aisteach suntasach.  When my kids were little, they had fun with the electric typewriter which was strange and interesting. Ní minic a fheictear rud mar é riamh níos mó lasmuigh de iarsmalann.  You don’t ever see such a thing any more outside of a museum. Tá ríomhaire ag gach éinne.  Everybody has a computer. Nach bhfuil sé ait anois sean-phictiúr d’oifig gan ríomhairí a fheiscint? Isn’t it strange when you see an old picture of an office with no computers?

Glacaimid leis na rudaí nua (de ghnáth), ach bíonn cuimhní cinn breátha againn de na stuif atá ag imeacht ón saol, minic go leor.  We accept the new things (usually), but we have fine memories of the stuff that’s disappearing, very often. Meascán a bhíonn ann idir an sean is an nua. It’s a mix of the old and the new. An t-aon rud buan, sin an t-athrú. The only thing permanent is change.

Tomhas na Teanga

Ar ith tú do dhóthain i rith na laethanta saoire?  Did you eat your fill during the holidays? Ar ith tú thar do dhóthain? Did you eat more than your fill? Más cosúil liomsa thú, seans go bhfuil tú beagán níos raimhre i mbliana.  If you’re like me, maybe you’re a little fatter this year. Ag cur suas meáchain.  Gaining weight. Tá do mheáchain coirp ró-ard.  Your body weight is too high. Tá gá agat le clár cailliúna meáchain, b’fhéidir.   You need a weight loss program, maybe. Cad ba chóir duit déanamh, mar sin?   What should you do, then?

Is iomaí clár atá ann, cinnte, agus faightear comhairle ó gach clár teilifíse agus gach tréimhseachán.  There are lots of programs, certainly, and you get advice from every TV show and every periodical. Tá a fhios ag madra an bhaile cad tá de dhíth, dar ndóigh.  The town dog knows what’s needed, of course. Ith níos lú, agus déan aclaíocht!  Eat less and exercise more! Is é an rud is deacra don ghnáthdhuine ná chun tosnú ar an dá rud seo a dhéanamh.  The thing that is most difficult for most people is to start doing these two things. Braitheann sin ar an duine, ach seo cúpla moladh. That depends on the person, but here are some suggestions.

Admhaigh gur fadhb é. Admit it is a problem. Fadhb mhór go leor nach ceart duit í a chur ar an méar fhada níos mó. A problem big enough that you shouldn’t put it off any more. Cad a tharlódh má chuireann tú ar an méar fhada é? What will happen if you put it off? Éireoidh tú níos raimhre fós!   You’ll get even fatter! Agus beidh sé níos deacra. And it will be harder. Mar sin, níl aon am mar an t-am seo chun plean a dhéanamh agus é a chur i bhfeidhm (sin an rud is tábhachtaí). So, there’s no time like now to make a plan and put it into effect (that’s the most important thing). Tús na bliana úra, seo an t-am is oiriúnaí chun clár nua a thosnú. The beginning of the new year, this is the most suitable time to start a new program. Déanaimis, mar sin!   Let’s do it, then!   Mar a deirtear, tús maith leath na hoibre.  As they say, a good start is half the work.

Deirtear gurb é an chéad chéim an chéim is deacra. They say the first step is the hardest. Ach dar leis an seanfhocal Síneach, tosaítear turas deich míle míle le céim amháin.  But as the Chinese proverb says, a journey of a thousand miles starts with one step. Bíodh an chéim sin éasca, ionas go ndéanfar í.  Let that step be easy, so that it will be taken. Roghnaigh rud beag amháin gur féidir leat a athrú, rud beag amháin le déanamh, agus déan é.  Choose a small thing that you can change, a small thing to do, and do it. Mar shampla, má thiomáineann tú gach áit, siúl go háit éigin.  For example, if you drive everywhere, walk someplace. Nó páirceáil do charr níos faide ón siopa.  Or park your car further from the store. Nó (agus) má itheann tú níos mó ná pláta amháin de bhia ag béile go hiondúil, ná tóg an dara cuid.  Or (and) if you usually eat more than one plate of food at a meal, don’t take the second portion. An mbeadh sé sin chomh dona? Would that be so bad?

Bíonn sé níos éasca clár cailliúna meáchain nó aclaíocht a dhéanamh i dteannta le daoine eile. It’s always easier to do a weight loss program or exercise with other people. Más féidir leat, mar sin, faigh cairde nó gaolta chun é a dhéanamh leat.  If you can, then, find friends or relatives to do it with you. Seans gurb fhéidir leat spórt a imirt, fiú uair sa tseachtain.  Maybe you could play a sport, even once a week. Nó teacht le chéile chun siúlóid a dhéanamh (má tá an aimsir maith go leor, nó fiú faoi dhíon áit éigin).  Or get together for walking (if the weather is nice enough, or even indoors somewhere). Tá clubanna go leor ann chun meáchan a chailleadh.  There are plenty of clubs to lose weight. Seans go bhfuil ceann lonnaithe i do pharóiste féin.   Maybe you have one at your own parish. Agus mura bhfuil aon duine ar fáil duit ag an bponc seo, má théann tú ag siúl minic go leor i bpáirc nó áit ar bith, cá bhfios nach bhfaighidh tú cairde nua ann? And if you can’t find anyone right now, if you walk in a park or anyplace often enough, who knows that you won’t find new friends there?

Mar an gcéanna má ghlacann tú ballraíocht i spórtlann chorpachmainne.  Same thing with joining a gym. Ach ní gá go bhfuil a lán trealaimh agat (ach má tá, cén fáth nach n-úsáideann tú é?!).  But you don’t need to have a lot of equipment (but if you do, why don’t you use it?!). Is féidir aclaíocht a dhéanamh gan trealamh ar bith.  You can exercise with no equipment at all. Nó le canna anraith, fiú, mar mheáchan. Or even with a can of soup as a weight.

Creid go bhfuil sé indéanta bheidh níos sláintiúla agus meáchan a chailleadh, agus beidh tú ábalta é a dhéanamh.   Believe that it is do-able to be healthier and lose weight, and you’ll be able to do it. Ná bac le leithscéalta. Don’t bother with excuses. Ná hól an iomarca alcóil ach oiread (tá a lán calraí ann).  Don’t drink too much alcohol either (it has lots of calories). Ach ‘sláinte’ mar sin féin!  But ‘health’ just the same!

Tomhas na Teanga

Táthar ag súil go mbeidh Éire aontaithe faoi cheann céad bliain, in 2016. It is hoped for that Ireland will be united within a hundred years, in 2016. Agus is féidir sin.  And that’s possible. Ar a laghad, is iontach an dul chun cinn atá ann ó 1910, céad bliain ó shin.  At the least, it’s wonderful the progress that has happened since 1910, a hundred years ago. Uaireanta, bíonn céad bliain de dhíth.  Sometimes a hundred years are needed. Bhí timpeall an méid sin ama ann idir deireadh Chogadh Cathartha Mheiriceá agus fíor-shaoirse na ndaoine gorma sa tír seo.  It was about that much time between the end of the American Civil War and true freedom for black people in this country. Bhí an t-irisleabhar Gaeilge An Gael as cló (mar iris na Gaeilge) le breis is céad bliain.  The Irish language magazine An Gael was out of print (as an Irish language publication) for more than a hundred years. Agus dóbair gur scriosadh cultúr na nIndiach Dearg i Meiriceá breis is céad bliain ó shin.   And it almost happened that American Indian culture was destroyed more than a hundred years ago. Ach, mar a tharla in Éirinn, thosaigh siad a gcearta a éilimh ó na seascaidí/seachtóidí ar aghaidh, agus tá misneach agus dóchas ag fás ina measc ó shin i leith.  But as it happened in Ireland, they started to demand their rights starting in the sixties/seventies, and courage and hope are increasing among them ever since.

Is mionteanga í an Ghaeilge, agus ní labhraíonn ach mionlach na nGael í.  Irish is a small language, and only a minority of the Gaelic people speak it. Ach sin na mílte duine (ní aontaíonn éinne faoin uimhir chruinn…).  But that is thousands of people (nobody agrees on the exact number…). Tá treibheanna na nIndiach ann nach raibh an méid sin daoine iontu riamh, atá ag caomhnú a dteangacha fós.  There are Indian tribes which never had that many people in them, which are now preserving their languages. Tá níos lú ná caoga daoine ann atá líofa i dteanga na gCeann Réidh (Saelis), ach tá dóchas ann fós dóibh, mar tá na daoine sin ag múineadh na teanga agus ag cothú suime inti.  There are fewer than fifty people who are fluent in the Flathead (Salish) language, but there is still hope for them, because those people are teaching the language and promoting an interest in it. Féach www.salishworld.com.  See… Agus tá treibheanna eile ag déanamh amhlaidh – féach www.pieganinstitute.org, mar shampla, chun obair na gCos Dubh a fheiscint.   And there are other tribes doing likewise – see…, for example, to see the work of the Blackfeet. Tá an dá threibh seo ina gcónaí in Montana, áit a raibh mé ar cuairt i mbliana.  These two tribes live in Montana, a place I visited this year. Níl a dteanga fágtha do gach treibh, agus níl sé ag éirí le gach treibh a theanga a choimeád beo, agus tá na céadta teanga Indiach ann (féach www.native-languages.org).    Not every tribe still has its language, and not every tribe is succeeding in keeping their language alive, and there are hundreds of Indian languages (see…). Mar sin féin, tar éis céad bliain, tá suim agus dóchas ann, agus cá bhfios? Nevertheless, after a hundred years, there is interest and hope, and who knows?

Níl sé éasca, agus tá na fadhbanna céanna acu agus atá againne.  It’s not easy, and they have the same problems we have. Bíonn daoine ann nach dtuigeann tábhacht a dteanga dá bhféiniúlacht is dá gcultúr, agus ní bhíonn sé éasca na daoine óga a mhealladh chuici.  There are always people who don’t understand the importance of their language to their identity and their culture, and it’s never easy to draw young people to it. Bíonn brú an Bhéarla ag cur isteach orthu, freisin.  English is always putting pressure on them, too. Ach mar atá ar siúl in Éirinn, tá siad ag bunadh scoileanna chun a dteangacha a roinnt leis na páistí.  But as is going on in Ireland, they are founding schools to share their languages with the children. Tá cearta daonna na nIndiach agus na nGael níos sábháilte ná riamh, ach mar sin féin, bíonn biogóidí ann fós, agus tugtar dímheas dár dteangacha i gcónaí.  Human rights for the Indians and for the Gaels are more secure than ever, but just the same, there are still bigots, and our languages are always being disrespected. Ar an láimh eile, tuigeann níos mó daoine ná le fada an lá go bhfuil sé rí-thábhachtach anam an phobail a chothú agus is cuid bhunúsach de sin teanga na ndaoine.  On the other hand, more people understand than have for a long time that it’s extremely important to nourish the soul of the people, and the people’s language is fundamental to that. Tír gan teanga, tír gan anam, deirtear.  A country with no language has no soul, it is said.

Breis is céad bliain ó shin, bhíodh na treibheanna thuasluaite ag troid in aghaidh a chéile.  Over a hundred years ago, the tribes mentioned above used to fight each other. Níl sé amhlaidh sa lá atá inniu ann. It’s not like that these days. Bhí tionchar na Críostaíochta ar a lán acu, agus bhuail mé le roinnt daoine de na Cosa Dearga ag Aifreann iontach in Browning, ag séipéal an Bhláithín.  Christianity influenced a lot of them, and I met some people of the Blackfeet at a wonderful mass in Browning, at the Little Flower Chapel. Ní bheadh an fháilte a fuaireamar ann céad bliain ó shin – bhíodh na daoine sin an-fhíochmhar fadó.  We wouldn’t have gotten the welcome we did a hundred years ago – those people used to be very fierce long ago. Agus cá bhfios nach ndéanfadh mo shinsir féin dochar dóibh, mar ba ró-choitianta san aois sin.  And who knows if my own ancestors wouldn’t have done them harm, as was too common in those days. Ach tagann feabhas ar an saol, minic go leor, agus ní mór dúinn go léir bheith dóchasach.  But the world gets better, often enough, and we must all be hopeful. Go n-éirí linn uile, mar chairde a thacaíonn lena chéile. May we all succeed, as friends who support each other.

Tomhas na Teanga

Táimid i lár an tsamhraidh um an dtaca seo, ach tá mé ag smaoineamh faoi chúrsaí scoile.   We’re in the middle of summer right now, but I’m thinking about school stuff. Is iomaí duine a fuair céim ó scoil amháin agus atá le tosú ar scoil nua san fhómhair.  Lots of people got a degree from one school and will be starting a new school in the fall. Athrú mór i saol duine a leithéid.  That’s a big change for someone. Beidh mo mhac féin chun bheith ina chónaí ag an ollscoil i mbliana.  My own son will be going off to college this year. Is rud nua sin dósan, agus dá thuismitheoirí, freisin!  That’s a new thing for him, and for his parents, too!

Nílimid go léir sa ghlúin chéanna in Ord Ársa na hÉireann. We’re not all in the same generation in the AOH. Tá gach saghas duine again.  We’ve got all kinds of people. Ina measc, tá fir óga gan pháistí fós, agus tá seanóirí le garpháistí.  Among them, there are young men with no children yet, and seniors with grandchildren. Agus tá daoine mar mise ann atá idir eatarthu.  And there are people like me somewhere in between Is cuimhin liom nuair a bhí mo mhac ag tosú ar scoil don chéad uair, agus gheallfainn nach raibh sé ach tamall beag ó shin!  I remember when my son was first starting school, and I’d swear it was just a short while ago! Imíonn an t-am.  Time flies.

Imíonn an tAm.  Sin teideal ar dhlúthdhiosca le Tadhg Mac Dhonnagáin.  That’s the title of a CD by… An-albam is ea é, agus molaim go hard é.  It’s a great album, and I highly recommend it. Tá an chuid is mó de as Gaeilge, ach tá cúpla rud ann as Béarla, freisin.  Most of it is in Irish, with some English. Is as Contae na Gaillimhe é.  He’s from Galway.  Mar a tharlaíonn, bhí deis agam bualadh le Tadhg i Nua-Eabhrac tamall ó shin.  As it happens, I had a chance to meet Tadhg a little while back, in NY. Níl sé ina cheoltóir amháin.  He’s not just a musician. Scríobhann sé don teilifís go minic, agus is é an fáth gur bhuail mé leis ná go raibh sé ag déanamh cláir don teilifís, faoin bhfile Raiftearaí.  He frequently writes for TV, and the reason I met him was that he was making a TV show about the poet Raftery. Rinne mé agallamh gearr leis mar táim i mo eagarthóir ar An Gael, agus tharla gur fhoilsíodh an dán cáiliúil ‘Mise Raiftearaí’ don chéad uair riamh in An Gael, sa naoú haois déag.  I did a short interview with him because I’m the editor of An Gael, and it happened that the famous poem…was first published in An Gael.

Ní daltaí scoile iad, den chuid is mó, ach tá eagraíocht i limistéir Nua-Eabhraic darb ainm Daltaí na Gaeilge.  They’re not students at school, for the most part, but there is an organization in the NY area called…(students of Irish). Bíonn siad an-ghníomhach ag eagrú ócáidí chun an teanga a mhúineadh agus a úsáid.  They’re very active organizing occasions to teach and use the language. Is minic go reáchtálann siad deireadh seachtainí na Gaeilge.  They often put on Irish language week-ends. Nuair a thug Tadhg a chuairt ar Nua-Eabhrac, chaith sé am le Daltaí na Gaeilge ar dheireadh seachtaine, agus chan sé dóibh.  When Tadhg was visiting NY, he spent time with them on a week-end, and sang for them. Tá físeáin de ar an idirlíon.  There are videos of it in the internet. Tá Tadhg ar Facebook (mar atáimse), agus is féidir iad a fháil ansin.  Tadhg is on…(as I am), and you can find them there.

Déanann Tadhg leabhair agus ceol do pháistí, freisin.  Tadhg makes books and music for kids, too. Más mian leat Gaeilge a mhúineadh do pháistí, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar a shuíomh idirlín:  www.futafata.com.  If you would like to teach kids Irish, you ought to look at his web site. Tá nasc ann go stuif do dhaoine fásta freisin, Imíonn an tAm san áireamh.  There’s a link there to stuff for grown-ups, too, including…

Is iomaí duine a d’fhás aníos in Éirinn ar cuimhin leo Gaeilge a fhoghlaim ar scoil.  Lots of people who grew up in Ireland remember learning Irish at school. Sách minic, níor thaitin sí leo ag an am.  Very often, they didn’t like it at the time. Ach tá daoine eile ann agus is cuimhin leo go raibh sár-mhúinteoirí acu, agus bhain siad an-sult as na ranganna Gaeilge.  But there are other people who remember having great teachers, and they really enjoyed the Irish classes. Chuaigh roinnt díobh go coláistí samhraidh sa Ghaeltacht, agus bhí clubanna ann a spreag iad chun a gcuid Gaeilge a úsáid.  Some went to summer ‘colleges’ in the Gaeltacht, and there were clubs that encouraged them to use their Irish. D’fhoghlaim siad a lán amhrán agus dánta, agus is cuimhin leo fós iad.  They learned a lot of songs and poems, and still remember them. Dánta mar ‘Mise Raifearaí’ agus amhráin mar ‘Cill Aodáin’ (a scríobh Raifearaí).  Poems like…and songs like…(which Raftery wrote).

Dóibh siúd atá ar scoil fós agus, tá súil agam, don uile dhuine againn, tá laethanta saoire againn i rith an tsamhraidh.  For those who are still in school, and I hope for all of us, we have vacation during the summer. Bíodh sos maith againn go léir, mar sin, agus go bhfaighimis fuinneamh, neart is misneach nua, ionas go mbeimid ullamh do gach dúshlán atá romhainn.  Let’s all have a good break, then, and may we get new energy, strength and courage, so that we’ll be ready for every challenge to come.

Go n-éirí le gach duine atá ag leanúint ar aghaidh lena gcuid oideachais, sa bhaile nó ar scoil.  May everyone who is continuing their education, at home or in school, be successful. Ná bíodh deireadh leis an bhfoghlaim!  May there be no end to learning!

Tomhas na Teanga

Bíonn an aimsir go breá an t-am seo bliana, agus is breá liom a bheith amuigh faoin spéir ag spaisteoireacht.  The weather is fine this time of year and I love to be outdoors walking around. Tamall ó shin, fuair mé comharsanacht an-suimiúil in Brooklyn agus mé ag siúlóid.  A while ago, I found a very interesting neighbourhood in Brooklyn while I was on a walk. Vinegar Hill a thugtar uirthi.  It’s called… Tá sí taobh leis na Brooklyn Navy Yards.  It’s next to… Tá cúpla alt suimiúil ann faoi ag www.forgotten-ny.com, faoi “na comharsanachtaí.” There are a couple of interesting articles about it at…under “neighborhoods.” Ainmníodh an áit in ómós do Chnoc Fíodh na gCaor lasmuigh d’Inis Córthaidh i gContae Loch Garman, mar a raibh cath tábhacht ar 21 Meitheamh, 1798.  The place was named in honor of …outside of Enniscorthy in Wexford, where there was an important battle on June 21st, 1798. Ár agus slad uafásach ar na Gaeil sin, fiú ar mhná is páistí, agus is iomaí uafás a rinne arm Shasana ar na Gaeil ina dhiaidh mar gheall air.  A slaughter and massacre of the Irish that, even of women and children, and many a horror was done by the English army to the Irish afterwards because of it. Tubaiste d’Éirinn ab ea an cath seo (tá alt maith faoi ag ga.wikipedia.org). This battle was a disaster for Ireland. Nach aisteach go mbaisteadh an t-ainm sin ar an gcomharsanacht seo?  Isn’t it odd that this neighborhood was given that name? Ach rinne an duine a thóg na tithe seo amhlaidh chun na hÉireannaigh a mhealladh chuici.  But the person who built these houses did so in order to attract the Irish to it. Is dócha go mbíodh Éireannaigh ina gcónaí ann, ach ina dhiaidh sin tháinig gach saghas duine, agus ní raibh dea-chlú ar an áit i gcónaí.  I suppose there used to be Irish living there, but afterwards every kind of person came, and the place didn’t always have a good reputation. Ba í seo an chéad áit a raibh Al Capone ina chónaí!  This was the first place where AC resided!

Chuaigh Capone go Cicero agus Siceágo Illinois, áiteanna a maraigh sé a lán coirpeach de shliocht na hÉireann, mar a tharla. Capone went to …and Chicago…, places in which he killed a lot of criminals of Irish descent, as it happened. Ar dtús, ghlac sé seilbh ar rialtas Cicero ó choirpigh le hainmneacha mar Myles O’Donnell, agus mharaigh sé daoine le hainmneacha mar Bill McSwiggins.   First he took over Cicero from criminals with names like…, and he killed people with names like… Ansin, in Siceágó féin, bhí cogadh ann idir drong Capone ó dheisceart na cathrach agus drong thuaisceart na cathrach, Bugs Moran i measc a cheannairí.  Then, in Chicago itself, there was a war between Capone’s gang from the south side and the north side gang, …among its leaders. Ba é dúnmhárú duine darb ainm Dion O’Banion a thosaigh an cath a chríochnaíodh le Sléach Lá ‘le Valaintín. It was the murder of a person named… that started the battle which ended with the St. Valentine’s Day Massacre. Deirtear uaireanta go bhfuil droch-chlú ar shliocht na hIodáile mar gheall ar na coirpigh, ach ní lú ná iad líon na gcoirpeach ab ea de shliocht na hÉireann, is oth liom a rá!  Sometimes people say that the Italians have a bad reputation because of the criminals, but there were no fewer criminals who had an Irish background, I regret to say!

I Nua-Eabhrac ag an am céanna sin a bhí drong i gCistín Ifrinn darb ainm an Gopher Gang, agus ba de shliocht na hÉireann a bhaill uile.  In New York at that same time there was a gang in Hell’s Kitchen called the…,, and all its members were Irish. An duine ba mhó díobhsan ná Owney “The Killer” Madden. The biggest of them was… Sea, is dócha go bhfaca a lán daoine an scannán The Gangs of New York.  Yeah, I guess a lot of people have seen the movie… Ba iad na hÉireannaigh sna Cúig Phointe a bhí i gceist, agus cé nach raibh an scannán sin cruinn go huile is go hiomlán, is iomaí drong Éireannach a bhí ann gan aon agó, agus bhí droch-chlú ar an gcomharsanacht sin.  The Irish in the Five Points were the subject, and although that film wasn’t perfectly accurate, there were a lot of Irish gangs, without question, and that neighborhood had a bad reputation. Théadh na daoine saibhre go dtí na Cúig Phointe chun na bochtáin a fheiscint agus sin as a bhfuaireamar an téarma ‘slumming.’  The rich people used to go to the Five Points to see the poor people and that’s where we get the term… Bhí na daoine sin thíos leis an mbochtannas agus leis an gcoireacht ina dtimpeall.  Those people suffered from poverty and the crime all around them.

Bhí mo shinsir féin ina gcónaí sa chomharsanacht sin, mar a tharlaíonn, agus níorbh coirpigh iadsan.  My own ancestors lived in that neighborhood, as it happens, and they weren’t criminals. Agus ní gá dom a lua an méad Éireannach a bhí agus atá ina bpóilíní, srl.  And I don’t need to mention how many Irish were and are policemen, etc. Ní mór dúinn a bheith bródúil as ár sinsir agus as na hÉireannaigh a rinne mórán rudaí maithe sa tír seo.  We need to be proud of our ancestors and of the Irish who did a lot of good things in this country. Ach leis sin, ní mór go n-admhaímid nach raibh gach mac máthar díobh go maith!  But along with that, we need to admit that every mother’s son of them wasn’t good! Tarlaíonn a leithéid…  These things happen…