Tomhas na Teanga

Tá umar iasc teochreasa againn.  We have a tropical fish tank. Bhí ceann beag againn ar feadh i bhfad, agus ansin fuaireamar ceann mór.  We had a small one for a long time, and then we got a big one. Tá cúpla dosaen iasc ann, idir bheag agus mhór. We have a couple of dozen fish, both small and large. Bainim an-taitneamh astu.  I get a lot of pleasure from them. Cuireann sé suaimhneas orm nuair a chaithim tamaill ag féachaint orthu.  It makes me feel peaceful when I spend a little time watching them. Deirtear gur íslíonn sin brú fola an duine, agus creidim é. They say that it lowers a person’s blood pressure, and I believe it. Níl peata ar bith eile againn ach na héisc, mar tá ailléirge ar mo bhean le madraí agus nílimid an-tógtha le cait.  We don’t have any other pets other than the fish, because my wife is allergic to dogs and we’re not too fond of cats. Ach tá cairde is gaolta againn agus gach saghas peata acusan.  But we have friends and relatives who have all kinds of pet.

Tá mórán cat ag mo chara Éamonn. My friend Ed has a lot of cats. Tá siad mar bhaill dá theaghlach aige.  They’re like members of the family to him. Taispeánann sé grianghraif díobh dom ó am go chéile, agus bíonn a lán acu greannmhar. He shows me pictures of them once in a while, and a lot of them are funny. (Cuirim i gcéill beagán gur maith liom cait dó, tuigeann tú). (I pretend a little that I like cats for him, you understand). Bhí ceann acu an-tinn tamall ó shin, agus cé go raibh an iomarca airgid i gceist, rinne sé pé rud ab fhéidir leis chun a chat a shábháil. One of them was very sick a while back, and although it cost a lot of money, he did whatever he had to, to save the cat. Ní miste leis go bhfuil droch-shláinte air, chomh fada agus atá sé fós ann leis.  He doesn’t mind that it’s not healthy, so long as it’s still there with him. Is breá linn ár n-éisc, ach tuigim (mar bhíodh madraí agam le linn m’óige) go mbíonn grá i bhfad níos mó ann do chat nó mhadra.  We love our fish, but I understand (as I used to have dogs when I was young) that cats and dogs are loved a lot more.

Nuair a chailltear peata, bíonn sé an-deacair agus an-bhrónach.  When a pet dies, it’s very difficult and very sad. Chaill mo chara madra tamall ó shin, agus bhí sé croíbhriste ar feadh tamaill.  My friend lost a dog a while ago, and he was heartbroken for a while. Ach bhain sé an-taitneamh as an madra sin le blianta fada.  He really enjoyed that dog for years. Bhí sí ann mar chara dó, agus bhí a lán spraoi acu le chéile.  She was a friend to him, and they had a lot of fun together. Tá madraí eile aige. He has other dogs. Beidh na cuimhní cinn sin aige go deo, agus tabharfaidh beocht na madraí eile misneach dó.  He’ll always have those memories, and the liveliness of the other dogs will give him courage. Beidh leigheas ar a chuid péine ar ball.  His pain will eventually heal.

Fuair col ceathar mo mhná coinín roinnt blianta ó shin.  Bhuel, fuair a hiníon é, le fírinne, ach sul i bhfad bhí sí féin i mbun cúram an choinín.  Ar dtús, ní raibh suim ar bith aici in a leithéid de pheata.  Ach tá an coinín greannmhar agus lán de phearsantacht, agus ar ball d’éirigh an-chairdeas eatarthu.  Níl a fhios ag éinne cén saghas caidrimh a bheadh ann le peata, ach go hiondúil, bíonn siad go hiontach mar chomhpháirtithe.

Tá col ceathar agamsa atá ina chónaí ina aonar in Florida. I have a cousin who lives alone in Florida. Tá a mháthair sa chomharsanacht.  His mother lives in the neighborhood.  Tá sí ina nóchaidí.  She’s in her nineties. Is é rud a thugann an sásamh is mó don bheirt acu ná cúram a thabhairt do ainimhithe. The thing that the two of them most enjoy is to care for animals. Níl a fhios agam cé mhéid cat agus madra atá acu, ach tógann siad ainmhithe gan bhailte isteach.  I don’t know how many cats and dogs they have, but the take in homeless animals. Cé nach mbíonn a sláinte féin go maith i gcónaí, díríonn siad ar shláinte na n-ainmhithe seo agus déanann siad cinnte go mbíonn siad go maith, agus cothaíonn siad iad.  Even though their own health isn’t always good, they focus on the health of these animals and make sure they are OK, and feed them. Faigheann siad cabhair ó chairde uaireanta, ach caithfidh siad féin bheith ann dóibh. They sometimes get help from friends, but they have to be there for them themselves. Mar chúiteamh ar an méid a dhéanann siad dóibh, bíonn comhluadar acu i gcónaí, agus rud tábhachtach le déanamh. In return for all they do for them, they always have companionship, and something important to do.

Má bhí peata agat riamh, is cuimhin leat go deo an spraoi agus an taitneamh a bhain tú as. If you’ve ever had a pet, you’ll remember for ever the fun and enjoyment you got from it. Bíonn scéalta agat i gcónaí (atá greannmhar, minic go leor).  You always have stories (which are funny, lot s of times). Má tá peata áirithe agat, tá rud i gcoitinne agat le mórán daoine eile, ábhar comhrá, agus cúis caidrimh le daoine eile a bheith agat. If you have a particular pet, you have something in common with a lot of other people, a subject of conversation, and a reason to associate with others. Déanann na hainmhithe a maith dúinn go léir. Animals do us all good. Bímis buíoch díobh. Let’s be grateful to them.