Tomhas na Teanga

Mar is eol don chuid is mó againn, tá saghasanna éagsúla Gaeilge ann.   As most of us know, there are different kinds of Irish.   Tá an Caighdeán Oifigiúil ann.   There’s the Official Standard.   Sin an saghas a mhúintear sna scoileanna, mar sórt ‘idirchanúint.’   That’s the kind taught in schools, as a sort of compromise dialect.   Ansin, tá na mór-chanúintí ann – Gaeilig, nó Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht, agus Gaelainn, nó Gaeilge na Mumhan.   Then there are the major dialects – Ulster, Connacht and Munster.   Bíonn mion-difríochtaí ann idir áiteanna éagsúla, dar ndóigh, agus fiú idir daoine éagsúla, mar theanga ar bith.   There are always minor differences between certain places, of course, and even between individuals, like any language.   Ach tá tréithe ar leith ag gach canúint, agus tuigeann muintear na háiteanna sin a chéile níos éasca ná a thuigeann daoine eile iad.   Each dialect has its own traits, and the people of those places understand each other more easily than other people understand them.   Tá na canúintí seo cosúil le deirfiúracha nó deartháireacha dá chéile.   These dialects are like sisters or brothers.   Ach tá col ceathracha againn, freisin – i Manainn agus go háirithe in Albain.   But we have cousins, too – in Man and especially in Scotland.

Gaeilge na hAlban is ea Gàidhlig.   Scots Gaelic is…   Teanga is ea í atá an-chosúil le Gaeilge na hÉireann, ach difriúil go leor le bheith ina teanga éagsúil.   It’s a language very similar to Irish, but different enough to be its own language.   Mar sin féin, má tá Gaeilge agat, agus go háithrithe má tá Gaeilge Uladh agat, nó fiú Gaeilge Chéitinn (ó cúpla céad bliain ó shin), níl sé an-deacair roinnt mhór di a thuiscint.   Just the same, if you know Irish, especially Ulster Irish, or even Keating’s Irish (from a couple of hundred years ago), it isn’t too difficult to understand a lot of it.   Ná bíodh aon imní ort go scríobhtar na síntí fada sa treo eile!   Don’t worry that the fadas go the other way!

Maraon le Gaeilge sa tseanlitriú, abair os ard í agus beidh a fhios agat cad atá ann, an chuid is mó den am.   The same as old-spelling Irish, say it out loud and you’ll know what’s there, most of the time.   Mar chanúint difriúil, bíonn rudaí áirithe difriúla ann ach bíonn na rudaí céanna ann, agus má fhoghlaimítear cúpla ceann acu, ní bheidh sé ró-dheacair as sin amach.   Like a different dialact, there are particular different things, but the same things always, and if you learn a few of them, it isn’t to hard after that.

Le déanaí, tá áiseanna nua ar an idirlíonn ar fáil atá an-suimiúil agus úsáideach maidir leis an nGàidhlig.   Recently, there are new resources on the internet available that are very interesting and useful.   Ní fheadar cé acu maith nó olc é, ach tá Google translate (mar dhea) ar fáil don nGàidhlig anois.   I don’t know if it’s a good or a bad thing, but GT is now available for Gaelic.   Ní féidir aistriúcháin a dhéanamh leis, mar atá a fhios ag lucht léite an cholúin seo, ach is féidir gaoth an fhocail a fháil, agus is úsáideach é mar chabhair chun rud a thuiscint.   Readers of this column know that you can’t translate with it, but it can give you the gist of things, and is a useful help in understanding something.

Seo comparáid taobh le taobh idir nathanna Gaeilge agus nathanna Gàidhlig, atá an-deas:
http://www.smo.uhi.ac.uk/gaidhlig/ga-ge/coimeas.html.   This is a nice comparison between Irish and Gaelic…   Sabhal Mòr Ostaig, coláiste in Albain (“teagasg gu léir tro mheadhan na Gàidhlig”), a rinne a leathanach sin, agus tá méid mhór leathanach eile an-suimiúil acu ar a suíomh idirlíon.   SMO (an all Gaelic school in Scotland) created that page, and they have lots of other very interesting pages on their website.   Tá siad suite ar Eilean (Oileán) Sgitheanach   – lorg iad ar ga.wikipedia.org chun níos mó a fhoghlaim fúthu as Gaeilge).   They are located on the Isle of Skye – you can read about them in Irish…
Feictear go n-úsáidtear ‘cha(n)’ in ionad ‘níl’ go díreach mar Ghaeilge Uladh.   You can see that they use…like in Ulster Irish.   Agus tá litriú acu atá níos cosúla le Gaeilge sheanfhaiseanta – saoghal in ionad saol, mar shampla.   and their spelling is more like old-fashioned Irish…   Ach leis na nodanna ar an leathanach lín seo, is féidir mórán eile a thuiscint.   But with the hints on this web page, you can understand a lot.

Tamall beag ó shin, rinne duine Meiriceánach éacht agus chuir sé foclóir Gaeilge/Gàidhlig ar fáil don chéad uair riamh – saor in aisce ar an idirlíon!   A short time ago an American did a wonderful thing and made an Irish/Gaelic dictionary available for the first time – free on the internet!   Seo an scéal faoi:   http://tuairisc.ie/focloir-gaidhlig-gaeilge-foilsithe-ag-an-ollamh-kevin-scannell-ar-line/

Déantar iarrachtaí an nasc idir tuaisceart na hÉireann agus Alba a neartú go minic.   Things are often done to strengthen the link between Northern Ireland and Scotland.   Tagann na filí le chéile, agus bíonn ranganna srl. ar siúl.   The poets get together, and there are classes, etc.   Níl Gàidhlig fiú chomh láidir leis an nGaeilge mar theanga, agus ba chóir dúinn tacú lena chéile, gan dabht.   Gaelic isn’t even as strong as Irish, as a language, and we ought to support each other, without a doubt.

An féidir leat an urnaí seo leanas a léamh?   Can you read the following prayer?

Ar n-Athair a tha air nèamh, gu naomhaichear d’ainm.   Thigeadh do rìoghachd.   Dèanar do thoil air an talamh, mar a nithear air nèamh.   Tabhair dhuinn an-diugh ar n-aran làitheil.   Agus maith dhuinn ar fiachan, amhail a mhaitheas sinne dar luchd-fiach.   Agus na leig ann am buaireadh sinn; ach saor sinn o olc: oir is leatsa an rìoghachd, agus an cumhachd, agus a’ ghlòir, gu siorraidh.   Amen.