Tomhas na Teanga

Ar ith tú do dhóthain i rith na laethanta saoire?  Did you eat your fill during the holidays? Ar ith tú thar do dhóthain? Did you eat more than your fill? Más cosúil liomsa thú, seans go bhfuil tú beagán níos raimhre i mbliana.  If you’re like me, maybe you’re a little fatter this year. Ag cur suas meáchain.  Gaining weight. Tá do mheáchain coirp ró-ard.  Your body weight is too high. Tá gá agat le clár cailliúna meáchain, b’fhéidir.   You need a weight loss program, maybe. Cad ba chóir duit déanamh, mar sin?   What should you do, then?

Is iomaí clár atá ann, cinnte, agus faightear comhairle ó gach clár teilifíse agus gach tréimhseachán.  There are lots of programs, certainly, and you get advice from every TV show and every periodical. Tá a fhios ag madra an bhaile cad tá de dhíth, dar ndóigh.  The town dog knows what’s needed, of course. Ith níos lú, agus déan aclaíocht!  Eat less and exercise more! Is é an rud is deacra don ghnáthdhuine ná chun tosnú ar an dá rud seo a dhéanamh.  The thing that is most difficult for most people is to start doing these two things. Braitheann sin ar an duine, ach seo cúpla moladh. That depends on the person, but here are some suggestions.

Admhaigh gur fadhb é. Admit it is a problem. Fadhb mhór go leor nach ceart duit í a chur ar an méar fhada níos mó. A problem big enough that you shouldn’t put it off any more. Cad a tharlódh má chuireann tú ar an méar fhada é? What will happen if you put it off? Éireoidh tú níos raimhre fós!   You’ll get even fatter! Agus beidh sé níos deacra. And it will be harder. Mar sin, níl aon am mar an t-am seo chun plean a dhéanamh agus é a chur i bhfeidhm (sin an rud is tábhachtaí). So, there’s no time like now to make a plan and put it into effect (that’s the most important thing). Tús na bliana úra, seo an t-am is oiriúnaí chun clár nua a thosnú. The beginning of the new year, this is the most suitable time to start a new program. Déanaimis, mar sin!   Let’s do it, then!   Mar a deirtear, tús maith leath na hoibre.  As they say, a good start is half the work.

Deirtear gurb é an chéad chéim an chéim is deacra. They say the first step is the hardest. Ach dar leis an seanfhocal Síneach, tosaítear turas deich míle míle le céim amháin.  But as the Chinese proverb says, a journey of a thousand miles starts with one step. Bíodh an chéim sin éasca, ionas go ndéanfar í.  Let that step be easy, so that it will be taken. Roghnaigh rud beag amháin gur féidir leat a athrú, rud beag amháin le déanamh, agus déan é.  Choose a small thing that you can change, a small thing to do, and do it. Mar shampla, má thiomáineann tú gach áit, siúl go háit éigin.  For example, if you drive everywhere, walk someplace. Nó páirceáil do charr níos faide ón siopa.  Or park your car further from the store. Nó (agus) má itheann tú níos mó ná pláta amháin de bhia ag béile go hiondúil, ná tóg an dara cuid.  Or (and) if you usually eat more than one plate of food at a meal, don’t take the second portion. An mbeadh sé sin chomh dona? Would that be so bad?

Bíonn sé níos éasca clár cailliúna meáchain nó aclaíocht a dhéanamh i dteannta le daoine eile. It’s always easier to do a weight loss program or exercise with other people. Más féidir leat, mar sin, faigh cairde nó gaolta chun é a dhéanamh leat.  If you can, then, find friends or relatives to do it with you. Seans gurb fhéidir leat spórt a imirt, fiú uair sa tseachtain.  Maybe you could play a sport, even once a week. Nó teacht le chéile chun siúlóid a dhéanamh (má tá an aimsir maith go leor, nó fiú faoi dhíon áit éigin).  Or get together for walking (if the weather is nice enough, or even indoors somewhere). Tá clubanna go leor ann chun meáchan a chailleadh.  There are plenty of clubs to lose weight. Seans go bhfuil ceann lonnaithe i do pharóiste féin.   Maybe you have one at your own parish. Agus mura bhfuil aon duine ar fáil duit ag an bponc seo, má théann tú ag siúl minic go leor i bpáirc nó áit ar bith, cá bhfios nach bhfaighidh tú cairde nua ann? And if you can’t find anyone right now, if you walk in a park or anyplace often enough, who knows that you won’t find new friends there?

Mar an gcéanna má ghlacann tú ballraíocht i spórtlann chorpachmainne.  Same thing with joining a gym. Ach ní gá go bhfuil a lán trealaimh agat (ach má tá, cén fáth nach n-úsáideann tú é?!).  But you don’t need to have a lot of equipment (but if you do, why don’t you use it?!). Is féidir aclaíocht a dhéanamh gan trealamh ar bith.  You can exercise with no equipment at all. Nó le canna anraith, fiú, mar mheáchan. Or even with a can of soup as a weight.

Creid go bhfuil sé indéanta bheidh níos sláintiúla agus meáchan a chailleadh, agus beidh tú ábalta é a dhéanamh.   Believe that it is do-able to be healthier and lose weight, and you’ll be able to do it. Ná bac le leithscéalta. Don’t bother with excuses. Ná hól an iomarca alcóil ach oiread (tá a lán calraí ann).  Don’t drink too much alcohol either (it has lots of calories). Ach ‘sláinte’ mar sin féin!  But ‘health’ just the same!