Tomhas na Teanga

Táimid i lár an tsamhraidh um an dtaca seo, ach tá mé ag smaoineamh faoi chúrsaí scoile.   We’re in the middle of summer right now, but I’m thinking about school stuff. Is iomaí duine a fuair céim ó scoil amháin agus atá le tosú ar scoil nua san fhómhair.  Lots of people got a degree from one school and will be starting a new school in the fall. Athrú mór i saol duine a leithéid.  That’s a big change for someone. Beidh mo mhac féin chun bheith ina chónaí ag an ollscoil i mbliana.  My own son will be going off to college this year. Is rud nua sin dósan, agus dá thuismitheoirí, freisin!  That’s a new thing for him, and for his parents, too!

Nílimid go léir sa ghlúin chéanna in Ord Ársa na hÉireann. We’re not all in the same generation in the AOH. Tá gach saghas duine again.  We’ve got all kinds of people. Ina measc, tá fir óga gan pháistí fós, agus tá seanóirí le garpháistí.  Among them, there are young men with no children yet, and seniors with grandchildren. Agus tá daoine mar mise ann atá idir eatarthu.  And there are people like me somewhere in between Is cuimhin liom nuair a bhí mo mhac ag tosú ar scoil don chéad uair, agus gheallfainn nach raibh sé ach tamall beag ó shin!  I remember when my son was first starting school, and I’d swear it was just a short while ago! Imíonn an t-am.  Time flies.

Imíonn an tAm.  Sin teideal ar dhlúthdhiosca le Tadhg Mac Dhonnagáin.  That’s the title of a CD by… An-albam is ea é, agus molaim go hard é.  It’s a great album, and I highly recommend it. Tá an chuid is mó de as Gaeilge, ach tá cúpla rud ann as Béarla, freisin.  Most of it is in Irish, with some English. Is as Contae na Gaillimhe é.  He’s from Galway.  Mar a tharlaíonn, bhí deis agam bualadh le Tadhg i Nua-Eabhrac tamall ó shin.  As it happens, I had a chance to meet Tadhg a little while back, in NY. Níl sé ina cheoltóir amháin.  He’s not just a musician. Scríobhann sé don teilifís go minic, agus is é an fáth gur bhuail mé leis ná go raibh sé ag déanamh cláir don teilifís, faoin bhfile Raiftearaí.  He frequently writes for TV, and the reason I met him was that he was making a TV show about the poet Raftery. Rinne mé agallamh gearr leis mar táim i mo eagarthóir ar An Gael, agus tharla gur fhoilsíodh an dán cáiliúil ‘Mise Raiftearaí’ don chéad uair riamh in An Gael, sa naoú haois déag.  I did a short interview with him because I’m the editor of An Gael, and it happened that the famous poem…was first published in An Gael.

Ní daltaí scoile iad, den chuid is mó, ach tá eagraíocht i limistéir Nua-Eabhraic darb ainm Daltaí na Gaeilge.  They’re not students at school, for the most part, but there is an organization in the NY area called…(students of Irish). Bíonn siad an-ghníomhach ag eagrú ócáidí chun an teanga a mhúineadh agus a úsáid.  They’re very active organizing occasions to teach and use the language. Is minic go reáchtálann siad deireadh seachtainí na Gaeilge.  They often put on Irish language week-ends. Nuair a thug Tadhg a chuairt ar Nua-Eabhrac, chaith sé am le Daltaí na Gaeilge ar dheireadh seachtaine, agus chan sé dóibh.  When Tadhg was visiting NY, he spent time with them on a week-end, and sang for them. Tá físeáin de ar an idirlíon.  There are videos of it in the internet. Tá Tadhg ar Facebook (mar atáimse), agus is féidir iad a fháil ansin.  Tadhg is on…(as I am), and you can find them there.

Déanann Tadhg leabhair agus ceol do pháistí, freisin.  Tadhg makes books and music for kids, too. Más mian leat Gaeilge a mhúineadh do pháistí, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar a shuíomh idirlín:  www.futafata.com.  If you would like to teach kids Irish, you ought to look at his web site. Tá nasc ann go stuif do dhaoine fásta freisin, Imíonn an tAm san áireamh.  There’s a link there to stuff for grown-ups, too, including…

Is iomaí duine a d’fhás aníos in Éirinn ar cuimhin leo Gaeilge a fhoghlaim ar scoil.  Lots of people who grew up in Ireland remember learning Irish at school. Sách minic, níor thaitin sí leo ag an am.  Very often, they didn’t like it at the time. Ach tá daoine eile ann agus is cuimhin leo go raibh sár-mhúinteoirí acu, agus bhain siad an-sult as na ranganna Gaeilge.  But there are other people who remember having great teachers, and they really enjoyed the Irish classes. Chuaigh roinnt díobh go coláistí samhraidh sa Ghaeltacht, agus bhí clubanna ann a spreag iad chun a gcuid Gaeilge a úsáid.  Some went to summer ‘colleges’ in the Gaeltacht, and there were clubs that encouraged them to use their Irish. D’fhoghlaim siad a lán amhrán agus dánta, agus is cuimhin leo fós iad.  They learned a lot of songs and poems, and still remember them. Dánta mar ‘Mise Raifearaí’ agus amhráin mar ‘Cill Aodáin’ (a scríobh Raifearaí).  Poems like…and songs like…(which Raftery wrote).

Dóibh siúd atá ar scoil fós agus, tá súil agam, don uile dhuine againn, tá laethanta saoire againn i rith an tsamhraidh.  For those who are still in school, and I hope for all of us, we have vacation during the summer. Bíodh sos maith againn go léir, mar sin, agus go bhfaighimis fuinneamh, neart is misneach nua, ionas go mbeimid ullamh do gach dúshlán atá romhainn.  Let’s all have a good break, then, and may we get new energy, strength and courage, so that we’ll be ready for every challenge to come.

Go n-éirí le gach duine atá ag leanúint ar aghaidh lena gcuid oideachais, sa bhaile nó ar scoil.  May everyone who is continuing their education, at home or in school, be successful. Ná bíodh deireadh leis an bhfoghlaim!  May there be no end to learning!